Gaeilge
University of Limerick (UL) · Limerick, Ireland · Undergraduate · Arts
University of Limerick (UL) · Limerick, Ireland · Undergraduate · Arts
University of Limerick (UL) · Limerick, Ireland
Is duine tú ar breá leat an Ghaeilge agus a bhfuil suim mhór agat sa chultúr Gaelach. Tá fonn mór ort forbairt a dhéanamh ar do chumas teanga sa Ghaeilge agus ba mhaith leat go mbeadh an Ghaeilge mar dhlúthchuid de do shaol pearsanta, cultúrtha agus sóisialta feasta. Is maith leat cúrsaí léitheoireachta agus/nó tá suim mhór agat sa chultúr béil, sa bhéaloideas agus san amhránaíocht, agus tá an- spéis agat i gcás na Gaeilge sa tsochaí chomhaimseartha. Aithníonn tú an tábhacht thar meon a bhaineann le hoidhreacht na Gaeilge i stair na tíre seo agus i sochaí an lae inniu agus is mian leat tuiscint níos fearr a fháil ar an oidhreacht sin agus ar an gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha lena mbaineann sí. Tá meon oscailte agat, tá tú sásta tabhairt faoi smaointe nua, agus tá tú ag tnúth leis an spreagadh intleachtúil a thabharfaidh teanga, cultúr agus litríocht na Gaeilge duit agus leis na tuiscintí nua a bheidh agat ar an gcultúr agus ar an sa
Standard figures for this route. Some applicants pay a reduced fee or none at all - confirm your own case on the official visa page.